Orgán bairille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas ceoil meicniúil. Trí lámh ar a thaobh a rothlú, séideann an seinnteoir aer isteach i mboilg agus rothlaíonn sorcóir atá feistithe le pionnaí a ligeann aer isteach i sraith píobán. Cinneann leagan amach na bpionnaí na píobáin a fhuaimníonn agus cathain le linn an rothlaithe a sheinneann siad. Gléas ársa atá ann: d'úsáidtí san 18ú-19ú céad é chun iomainn a sheinm in eaglaisí. Bhíodh sé in úsáid go dtí le déanaí mar ghléas sráide, uaireanta le peata moncaí ina shuí anuas air.