Optaic iomlánaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar mhionfheistí optúla nasctha ag treoraithe solais in aonaid fheidhmeacha le cuid mhaith comhbhall. Is féidir go mbeidh léasair leathsheoltóra, modhnóirí, lasca is eile curtha le chéile ar shlis amháin chun ciorcad optúil iomlánaithe mar seo a dhéanamh. Meastar go mbeidh cumas acu eolas a ionramháil níos fearr ar mheáchan níos lú ná slisní leictreonacha comhghnásacha, agus a chosaint níos fearr i gcoinne trasnaíochta. Tá na feistí seo trialach fós, ach is dócha go bhfeidhmeofar iad sa teileachumarsáid ar an gcéad dul síos.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Optaic iomlánaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 498.