Ointeolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Onteolaíocht)

San fhealsúnacht, is ionann an ointeolaíocht (ón Gréigis ὄν, ginideach ὄντος: εἶναι: bheith) agus -λογία: eolaíocht, staidéar, teoiric) agus an taighde a dhéantar ar an mbeith nó ar an eiseadh, agus is é atá idir lámhaibh ag na hointeolaithe ná bunchatagóirí agus bunchoibhnis na beithe nó an eisidh le bheith in ann beitheanna agus cineálacha de bheitheanna a shainmhíniú taobh istigh d'fhráma na réaltachta. Is féidir a rá gurb é an dóigh a gcoincheaptar an réaltacht is ábhar staidéir don ointeolaí.

Deir fealsúna áirithe, iad siúd atá faoi thionchar Phlatóin thar aon dream eile acu, go dtagraíonn gach ainmfhocal do bheith ar leith. Tá fealsúna eile ann agus an tuiscint acu nach amhlaidh atá, ach go bhfuil ainmfhocail ann a thagraíonn do chruinneagáin de réada nó d'imeachtaí. De réir an dearcaidh seo, ní thagraíonn an focal úd intinn d'aon rud amháin, ach d'iomlán na n-imeachtaí intinne a dtéann an duine tríothu. Cosúil leis sin, tagraíonn an focal úd sochaí do chruinneagán de dhaoine a bhfuil saintréithe ar leith ag baint le gach mac máthar agus iníon athar acu.