One Flew Over The Cuckoo's Nest

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is úrscéal é One Flew Over The Cuckoo's Nest le Ken Kesey. Scríobh sé an t-úrscéal sa bhliain 1959 agus foilsíodh sa bhliain 1962 é. Tá an scéal suite in ionad sláinte intinne in Oregon, sna SAM. Insíonn sé scéal an phríomhcharactair, Randall P. McMurphy, fad is atá sé san ionad agus an dóigh a fhaigheann sé an lámh in uachtar ar na hothair eile atá ina gcónaí san ionad. Insítear an scéal trí shúile duine eile sa scéal, Chief Bromden.

Rinneadh scannán de sa bhliain 1975 a stiúir Milos Forman. Bhí Jack Nicholson mar Randall P. McMurphy sa scannán. Bronnadh duais Oscar air Nicholson de bharr feabhas a léiriú sa scannán. Bhuaigh an scannán cúig Oscar ina iomlán, duais Nicholsan san áireamh.