Once (scannán)
| Once (scannán) | |
|---|---|
| Stiúrthóir | John Carney |
| Léiritheoir | Martina Niland |
| Scríbhneoir | John Carney |
| Aisteoirí | Glen Hansard Markéta Irglová |
| Ceol le | Glen Hansard Markéta Irglová Interference |
| Cineamatagrafaíocht | Tim Fleming |
| Dáileadh ag | Fox Searchlight Pictures |
| Eisiúint | 2007 |
| Fad reatha | 85 nóiméad |
| Teanga | Béarla |
| IMDB | |
Scannán Éireannach is ea Once, eisithe sa bhliain 2007 agus cruthaithe ag an stiúrthóir/scríbhneoir John Carney. Titeann an scéal amach i mBaile Átha Cliath, áit ina bhfuil beirt cheoltóir - Glen Hansard ón bhanna Éireannach The Frames agus an Seiceach Markéta Irglová - ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa thionscal ceoil. Tosaíonn siad ag casadh rianta le chéile, agus thaifeadann siad ceirnín d'amhráin nua. Tá an ceol seo mar cnámh droma an scannáin.
Sular cuireadh tús leis an scannánaíocht, chum an bheirt gach amhrán atá le cloisteáil sa scannán agus bhuadar Duais Acadamh sa chatagóir Amhrán is Fearr sa bhliain 2008 don amhrán Falling Slowly. Chomh maith leis sin, fuair siad ainmniúchán eile don fhuaimrian ar fad. Chuaigh siad amach ar chamchuairt domhanda, ag seinm na rianta seo.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.