Oliver Heaviside

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Londain ab ea Oliver Heaviside (1850-1925). Rinne sé cuid mhaith taighde ar leictreachas agus teileachumarsáid leictreach. Réamhinis sé go raibh ciseal gáis ianaithe (an t-ianaisféar) thuas san atmaisféar a bheadh in ann tonnta raidió a fhrithchaitheamh. Rinne Arthur Kennelly an réamhinsint chéanna ag an am céanna sna Stáit Aontaithe, neamhspleách air. Rinne sé amach i 1902 gur ciseal ianaisféir timpeall 90-120 km in airde a fhrithchaitheann na tonnta raidió, agus tugtar ciseal Heaviside-Kennellyan E-chiseal air seo.