Ole Christensen Rømer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalteolaí a rugadh in Århus na Danmhairge ab ea Ole Christensen Rømer (1644-1710). Agus é ag obair sa réadlann ríoga i bPáras (1672-1681), bhain sé úsáid as uruithe ghealacha Iúpatair chun an chéad luach a fuarthas riamh ar luas an tsolais a shocrú, 225,000 km s-1 (1675). Anois glactar le 299,792 km s-1 mar an luach.