Ola fhiúsalach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar orgánach a fhaightear le héatanól trí choipeadh. Den chuid is mó, alcóil le maiseanna móilíneacha arda a bhíonn ann, 3-5 adamh carbóin iontu. Má bhíonn tiúchan an-íseal díobh inti, tugann siad a bhlas sainiúil do dheoch choipthe, bíodh sin taitneamhach nó a mhalairt. Má bhíonn tiúchan ard inti, is féidir go gcuirfidh sé tús le tart is tinneas cinn.