Oistéamalaice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neamhord meitibileachta sna cnámha de bharr uireasa vitimín D. Cailleann siad mianraí, go príomha cailciam, agus éiríonn bog sobhriste. I ndaoine óga moillítear fás, agus tugtar raicíteas ar an riocht. I ndaoine fásta tarlaíonn bristí beaga ag pointí struis, go mór mór sa pheilbheas cnámhach. Bíonn pianta cnámh is matán an-choitianta ag na hothair.