Oisín Mac Fhinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oisín, le François Gérard (1801)

Ba phearsa fhinscéalach de chuid na bhFiann é OisínOisín Mac Fhinn. Ba mhac le Fionn Mac Cumhaill agus le Sadhb é. Ba é an cháil ba mhó a bhí é ná gur chaith sé trí chéad bliain i dTír na nÓg le Niamh Chinn Óir. De réir an tseanchais, d'fhill sé ar Éirinn i ndiaidh na tréimhse sin agus cumha air i ndiaidh a mhuintire (nath cainte sa Ghaeilge é: Oisín i ndiaidh na Féinne). Chuir Niamh fainic air gan tuirlingt dá chapall in Éirinn, mar go raibh sé chomh sean sin, ach thit sé dá dhiallait tar éis dó iarracht a dhéanamh carraig mhór a iompar.

Laoch agus file mór le rá a bhí ann agus is eisean scéalaí na Fiannaíochta.