Oilibhéar Pluincéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oilibhéar Pluincéid

Bhí Naomh Oilibhéar Pluincéid (1 Samhain 16291 Iúil 1681) mar ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hEaglaise Caitlicí in Éirinn. Bhí sé ag obair fad is a bhí na Sasanaigh ag iarraidh Caitlicigh a chur faoi chois. Gabhadh é ar deireadh agus cuireadh os comhair na cúirte é agus ardtréas curtha ina leith. Cuireadh chun báis é nuair a ciontaíodh é go héagórach as an gcoir seo. Crochadh é agus gearradh a chorp ina phíosaí ag Tyburn ar 1 Iúil 1681, agus bhí sé ar an mairtíreach Caitliceach deireanach a cuireadh chun báis i Sasana. Bheannaigh an Eaglais Chaitliceach Oilibhéar Pluincéid sa bhliain 1920 agus rinneadh naomh de sa bhliain 1975. Bhí sé ar an gcéad naomh Éireannach nua le seacht gcéad bliain anuas.

Saol a Óige[athraigh | edit source]

Rugadh é i Loch Craobh, Contae na Mí, sa bhliain 1629. Bhí a thuistí saibhir go leor agus bhí sé gaolta le huaisle mar Iarlaí Ros Comáin agus Fhine Gall, chomh maith le hIarla Chontae Lú agus Iarlaí Dhún Samhnaí. Bhí Pádraig Pluincéid ina mhúinteoir aige go dtí go raibh 16 bliain d'aois slánaithe aige. Bhí an fear seo ina ab ar Mhainistir Mhuire i mBaile Átha Cliath chomh maith le bheith ina easpag ar Ardach agus ar an Mí ina dhiaidh sin. Ba dheartháir é le céad Iarla Fhine Gall.

D'fhág Oilibhéar Éire le dul chun na Róimhe le bheith ina ábhar sagairt sa bhliain 1645, faoi choimirce an Athar Pierfrancesco Scarampi, d'aireagal na Róimhe. Ag an am seo bhí cogadh na Comhdhála Éireannaí Caitilicí ar siúl. Bhí Scarampi mar thoscaire an Phápa chuig an ngluaiseacht Chaitliceach in Éirinn. Bhí cuid mhaith de ghaolta Pluincéid i measc na ndaoine sa Chomhdháil. Ní raibh Oilibhéar in ann filleadh ar Éireann ar feadh 15 bliain de bharr an chogaidh seo.

Ligeadh isteach sa Choláiste Éireannach é sa bhliain 1646 agus thaispeáin sé go raibh sé ina dhalta maith. Oirníodh é sa bhliain 1654, agus thogh Easpaig na hÉireann é mar ionadaí ar a son sa Róimh. Idir an dá linn, thosaigh forghabháil Oilibhéar Cromail (1649-53) agus cuireadh cosc ar an gCaitliceachas agus cuireadh a chuid sagart chun báis. Níor oiriúnach an rud é don Phluincéideach filleadh ar Éirinn ag an am sin, mar gheall air seo. D'iarr sé cead fanacht sa Róimh, agus sa bhliain 1657 bhí sé mar mhúinteoir diagachta. I rith thréimhse an Chomhlathais agus réim Shéarlais II, bhí Pluincéid ag achainí ar son Eaglais Chaitliceach na hÉireann. Ar 9 Iúil, 1669 ceapadh é mar Ardeaspag Ard Mhacha, príomhchathaoir na n-easpag in Éirinn. Ar deireadh d'fhill sé ar Éirinn i Márta 1670 - bhí an tír níos fearr ó thaobh shaoirse na gCaitliceach faoin am sin.

Filleadh ar Éirinn[athraigh | edit source]

Ceann cumhraithe Naomh Oilibhéar, atá ar taispeáint i scrín i nDroichead Átha go dtí an lá inniu. Shábháil Caitlicigh áirithe an chuid seo dá chorp tar éis dó a bheith curtha chun báis. Coinníodh agus cumhraíodh é mar chomhartha de streachailt na gCaitliceach in aghaidh na géarleanúna.

Uaidh sin ar aghaidh, rinne sé iarracht an Eaglais Chaitliceach in Éirinn a atógáil. Thóg sé scoileanna le Caitlicigh óga na hÉireann a mhúineadh agus chun sagairt nua a oiliúint freisin. Bhí na Péindlíthe níos laige ag an am sin agus bhí sé in ann Coláiste Íosánach a bhunú i nDroichead Átha sa bhliain 1670. Bliain ina dhiaidh sin, bhí 150 daltaí ag freastal ar an scoil.

Nuair a thosaigh géarleanúint nua ó 1673 ar aghaidh, scriosadh an coláiste agus d'fholaigh sé é féin faoi bhréagriocht, dhiúltaigh sé ordú an rialtais dó an tír a fhágáil a leanúint. Sa bhliain 1678, chum Sasanach Protastúnach darb ainm Titus Oates bréaga faoi phlean ionradh na bhFrancach agus é ag rá go raibh Caitlicigh na hÉireann taobh thiar de. Gabhadh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, Peadar Talbóid, agus chuaigh an Pluincéideach ar a choimeád arís.


In ainneoin go raibh sé ar a sheachaint agus praghas ar a cheann, dhiúltaigh sé a thréad a fhágáil. Gabhadh é i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 1679 agus cuireadh i bpríosún é i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, áit a ndearna sé aspalóid ar Thalbóid, a bhí ag fáil bháis faoin am seo. Cuireadh é faoi thriall as comhcheilg in aghaidh an Stáit, trí iarracht a dhéanamh 20,000 saighdiúir Francach a thabhairt isteach agus as cáin a ghearradh ar a thréad chun tacaíocht a thabhairt do 70,000 fear san éirí amach a bhí le tarlú, mar dhea.

An scrín in Eaglais Pheadair i nDroichead Átha, ina bhfuil ceann cumhraithe Naomh Oilibhéar á choinneáil.

A Bhás agus Eachtraí i ndiaidh a Bháis[athraigh | edit source]

Bhí a fhios ag an Tiarna Shaftesbury nach bhfaigheadh aon chúirt in Éirinn ciontach é agus bhog sé go Príosún Newgate i Londain é mar sin. D'fhógair an chéad ghiúiré neamhchiontach é ach níor ligeadh saor é. Tharla an dara triail i gcúirt bhréige agus ciontaíodh é mar a bhí ag teastáil ó na húdaráis. Cuireadh chun báis é ar 1 Iúil 1681 agus rinne an Pápa naomh de ar 12 Deireadh Fómhair 1975.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]