Oileán Norfolk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Oileán an Tuadaon)
Crainn ar an oileán

Is oileán beag san Aigéan Ciúin é Oileán Norfolk (sa teanga Norfolk: Norfuk Ailen) agus é suite idir an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Nua-Chaladóin. Tá an t-oileán mar pháirt de Chomhlathas na hAstráile, ach tá méid áirithe féin-rialtais ann. Is críoch sheachtrach na hAstráile é, in éineacht le dhá oileán cóngarach dó. Is é péine Oileán Norfolk siomból an oileáin, é á léiriú ar bhratach an oileáin. Tá an crann dúchasach don oileán, agus tá sé éirithe coiteann mar chrann maisithe coiteann san Astráil freisin, áit ina fhásann dhá speiceas gaolmhara léi.

Bhí Oileán Norfolk lonnaithe ag marnéiligh thoir-Pholainéiseacha ar dtús. Tháinig siad seo ó na hOileáin Kermadec (taobh ó thuaidh ó Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne. Shroich siad an t-oileán sa 14ú nó 15ú haois, agus mhair siad ann ar feadh roinnt glúinte sular imigh siad ón oileán.

Ba é an Captaen James Cook an chéad Eorapach fiosrach chun an oileán a fheiscint (i 1774), ar a dhara aistear go dtí deisceart an Aigéin Chiúin. Bhí an t-oileán ainmnithe tar éis an Bhaindiúc Norfolk sa Bhreatain, bean chéile Éadmhard Hobháird, an 9ú Diúc Norfolk (1685-1777).

Dúirt an tUasal John Call gurbh iad buntáistí an oileáin ná gurbh oileán neamháirtrithe é agus gur d'fhás líon ann. I 1786, d'áirigh Pharlamaint na Bhreataine Oileán Norfolk mar lonnaíocht cúntach, mar a dúirt John Call, ina phlean coilínithe do New South Wales. Glacadh an cinneadh chun lonnú ar Oileán Norfolk mar gheall ar chinneadh Banimpire Caitríona na Rúise chun an díoladh cnáibe a srianadh. Go praicticiúil, tháinig an cnáib agus líon go léir a d'úsáid an Cabhlach Ríoga do théadra agus mar anairt seoil ón Rúis.

Nuair a shroich an Chéad Flít Bhriotanach Port Jackson (Cuan Sydney san Astráil) i mí Eanáir 1788, d'ordaigh Gobharnóir Arthur Phillips don Leifteanant Phillip Gidley King grúpa de 15 coirpeach agus 7 saorfhir a thógáil chun seilbh Oileán Norfolk a ghacadh agus é a fháil réidh le haghaidh forbairt thráchtála. Shroich siad an t-oileán ar an 6ú Márta 1788.

I rith an chéad bhliain den lonnaíocht (glaodh Sydney uirthi i ndiaidh phríomhchathar na hAstráíle), seoladh níos mó coirpeach agus saighdiúirí ann ó New South Wales.