Oileán Vancouver

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil a thaispeánann Oileán Vancouver amuigh ó chósta mhór-roinn Mheiriceá Thuaidh

Oileán mór sa Cholóim Bhriotanach is ea ‘’’Oileán Vancouver’’’ atá suite ar chósta thiar Cheanada. Is é an t-oileán is mó san Aigéan Ciúin taobh thoir den Nua-Shéalainn.

Geograife[athraigh | edit source]

Tá Oileán Vancouver suite sa chúinne thiar theas den Cholóim Bhriotanach agus de Cheanada. Tá 32,131 km2 d’achar san oileán. Tá sé 454km ar a fhad agus 80km ar leithead ar an bpointe is leithne. Tá a lán sléibhte i lár an oileáin, iad chomh hard le 2,195m. Bíonn an aeráid an-chineálta agus tirim, cé go bhfuil foraoisí báistí ar an gcósta thiar. Mar gheall ar chrios foduchtaithe Cascadia ag tóin na farraige amuigh ón gcósta thiar theas, bíonn buanchontúirt critheanna talún ann.

Fásann an chaonach go fras ar na crainn san fhoraois bháistí in iarthar Oileáin Vancouver.