Oileán King

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Tasmáin agus Oileán King (glas)

Ceann de oileáin na Tasmáine is ea Oileán King. Tá sé suite sa iarthuaisceart ón Tasmáin, sa Chaolas Bass. Sa bhliain 2007, bhí 1,723 duine ina gcónaí ar an oileán.

Stair[athraigh | edit source]

Tháinig Captaen Reed ar an oileán, ag seilg rónta sa bhád Martha, sa bhliain 1799. Níor thaispeáin chéad léarscáil Van Diemen’s Land agus Caolas Bass de chuid Matthew Flinders, a cuireadh i gcló i Mí an Mheithimh sa bhliain 1800, an t-oileán seo.

An t-Oileán sa lá atá inniu ann[athraigh | edit source]

Is í Currie an baile is mó, atá suite ar an taobh thiar den oileán. Ba bhaile mianadóireachta í Grassy, san oirthear, áit a raibh ‘scheelite’ bainte. Bíonn comórtas Peile Astrálaí ann ar an oileán. Níl ach trí fhoireann ann: Currie, Grassy, agus North.