Oifig na bhFoilseachán
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oifig idirinstitiúideach is ea Oifig na bhFoilseachán san Aontas Eorpach (Oifig na bhFoilseachán), arb aidhm di a áirithiú go bhfoilsítear foilseacháin institiúidí na gComhphobal Eorpach agus an Aontais Eorpaigh (AE) - Cinneadh 2009/496/CE, Euratom.
- Cuireann Oifig na bhFoilseachán Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar fáil gach lá i 22 nó 23 teanga (as Gaeilge nuair is gá sin), feiniméan uathúil i ndomhan an fhoilseacháin.
- Léi féin nó i gcomhar, foilsíonn sí foilseacháin mar dhlúthchuid de ghníomhaíocht chumarsáide na n-institiúidí.
In theannta sin, soláthraíonn an Oifig Foilseachán roinnt seirbhísí ar líne a thugann saorrochtain ar fhaisnéis faoi dhlí an AE (EUR-LEX), faoi fhoilseacháin an AE (Siopa Leabhar an AE), faoi sholáthar poiblí san AE (TED) agus faoi thaighde is forbairt san AE (CORDIS).[1]
Tagairtí [athraigh]
Naisc sheachtracha [athraigh]
- Oifig na bhFoilseachán
- CORDIS
- EU-Bookshop – Foilseacháin go léir an AE ar fáil duit!
- EUR-Lex – Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh
- Ted - Forlíonaidh d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh