Oidhreachtúlacht Mendel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Oidhreachtúlacht Mendel (nó géineolaíocht Mendel nó Mendeleachas) ann ná sraith de phríomhthuairimí a bhaineann le tarchur saintréith oidhreachtúil ó máthair-orgánaigh go dtí a sleachta; leagann sí béim ar bhunús na géineolaíochta. Dhíorthaigh siad i dtús báire ó obair Ghregor Mendel a foilsíodh sa bhliain 1865 agus 1866 a bhí "athfhionnta" sa bhliain 1900, agus a bhí i dtús báire an-chonspóideach. Nuair a bhí siad comhtháite le teoiric chrómasómach na hoidhreachta ag Thomas Hunt Morgan sa bhliain i 1915, rinneadh croí na géineolaíochta clasaicí aisti.

Stair[athraigh | edit source]

Dhíorthaigh Gregor Mendel, sagart / manach de chuid na hOstaire, dlíthe na hoidhreachta sa 19ú haois le linn dó turgnaimh hibridiúchán ar phiseanna garraí (Pisum sativum) a stiúradh . Idir 1856 agus 1863, d’fhás sé agus thástáil sé roinnt 29,000 piseanna garraí. As na turgnaimh seo rianaigh sé dhá theoiric ghinearálta ar a dtugtar Oidhreachtúlacht Mendel . Rinne sé cur síos ar na prionsabail i bpáipéar a bhí scríofa i ndá chuid aige, Turgnaimh ar Hibridiú Phlandaí (Gearmáinis: Versuche über Pflanzen-Hybriden) a léigh sé amach ag cruinniú de chuid an Chumann Stair an Dúlra sa chathair Brno ar an 8ú Feabhra agus ar 8ú Márta, sa bhliain 1865, agus foilsíodh é ina dhiaidh san iris eolaíochta "Verhandlungen des naturforschenden Vereins Brünn" sa bhliain 1866.

Dlíthe Mhendel[athraigh | edit source]

Dlí an leithscartha (an Chéad Dlí)[athraigh | edit source]

Deir an dlí seo; nuair a bhíonn gaiméití á gcumadh, scairtear an dá ghéin den phéire ó chéile i dtreo is nach bhfaigheann gach ghaiméit ach cóip amháin dóibh. Ní théann ach géin amháin de gach péire isteach in aon ghaiméit. Fuarthas an cruthúnas díreach go raibh sé seo fíor tar éis gur breathnaigh beirt eolaithe neamhspleách ar próiseas na méóise , b’iad siúd an luibheolaí Gearmáineach, Oscar Hertwig sa bhliain 1876, agus an zó-eolaí Beilgeach, Édouard Van Beneden sa bhliaini 1883. Sa mhéóis, deighltear an crómasóim athartha agus bíonn na ailléilí le tréithe an charachtair leithscartha ina dhá ghaiméit éagsúl.

Dlí an Rangaithe Neamhspleáigh (an Dara Dlí)[athraigh | edit source]

Tugann Dlí an Rangaithe Neamhspleáigh le fios ar a dtugtar freisin " Dlí na Saorshórtála ", go rangaíonn ailléilí éagsúila neamhspleách ar a chéile i rith foirmithe gaiméite. Cé gur thug turgnaimh Mhendel i gcónaí an cóimheas 3:1 (Fig. 1) idir feinitíopaí ceannasacha agus cúlaitheacha, nuair a mheasc sé treith amháin ar a chéile, thaispeáin a chuid turgnamh le dhá tréith (crosáil dhéhibrideach) an cóimheas 9:3:3:1 (Fig. 2). Ach léiríonn an tábla 9:3:3:1 go rangaítear an dá phéire ghéinte neamhspleách ar a chéile le cóimheas feinitíopach 3:1 . Mheas Mendel mar sin go bhfaightear tréithe éagsúla le hoidhreacht neamhspleách ar a chéile, agus mar sin nach bhfuil aon ghaol, mar shampla, idir dath chait agus fad a eireabaill. Tá sé seo fíor i ndáiríre ach amháin nuair nach bhfuil géinte nasctha le chéile.

Cúlra[athraigh | edit source]

Bíonn an chúis atá leis na dlíthe seo ar fáil sa nádúr i núicléas na cille. Tá sé comhdhéanta suas de roinnt crómasóm a iompraionn na tréithe géiniteacha. I gnáth cill, bíonn dá chuid ag gach ceann de na crómasóim, na crómaitidí. Sa chill atáirgthe, a cruthaíodh i bpróiseas a dtugtar méóis air, ní bhíonn de ghnáth ach ceann amháin de na crómaitid de chuid gach crómasóim aici. Má chumascar dhá cheann de na cealla (de ghnáth ceann fireann agus ceann baineann), cuirtear an tacair athchóirithe iomlán ar ais arís agus measctar na géinte.


Figiúr 1: Feinitíopaí ceannasacha agus cúlaitheacha.
(1) Glúin na dtuismitheoirí. (2) GlúinF1 . (3)Glúin F2. Amharcann feinitíopa ceannasach (dearg) agus cúlaitheach (bán) mar a gcéanna san F1 (céad) ghlúin agus bíonn cóimheas 3:1 acu i nglúin F2 (darad)


Figiúr 2: Léiríonn feinitíopaí de dhá thréith neamhspleách cóimheas 9:3:3:1 sa ghlúin F2. Sa sampla seo, tá dath chóta léirithe ag B (donn, ceannasach) nó b (bán) cé go bhfuil fad eireabaill léirithe ag S (gearr, ceannasach) nó s (fada). Nuair a bhíonn tuismitheoirí homaisigeach do gach tréith (SSbb agus ssBB), bíonn a gcuid leanaí i nginiúint F1 heitrisigeach ag an dá lócas agus ní léiríonn siad ach feinitíopaí ceannasacha. Má chúplálann na leanaí le chéile, i nginiúint F2 tarlaíonn gach dath chóta agus fad eireabaill: bíonn 9 donn / gearr (boscaí corcra), 3 bán / ghearr (boscaí bándearg), 3 donn / boscaí fada (gorm ) agus 1 bán / fada (bosca uaithne).



Tábla a léiríonn conas a mhalartíonn na géinte i gcomhréir le dlí na saorshórtála le linn méóise agus ar an gcaoi a aistríonn seo isteach chuig dlíthe Mhendel