Oibríocht dháileach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, oibríocht ar féidir a tréithe a léiriú le comparáid idir iolrú is suimiú. Deirtear go bhfuil iolrú dáileach ar shuimiú do thacar na réaduimhreacha, mar is féidir a rá gur a × (b + c) = (a × b) + (a × c). Ach níl suimiú dáileach ar iolrú do thacar na réaduimhreacha, mar a + (b × c) ≠ (a + b) × (a + c). Go ginearálta, is dáileach an oibríocht * ar oibríocht eile # do gach eilimint sa tacar S, más a * (b # c) = a * b # a * c do gach a, b is c in S.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Oibríocht dháileach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 493.