Obar Líobhaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eaglais Pharóiste Obar Líobhaite

Is baile suite i Labhaidh Thoir é Obar Líobhaite. Tá sé ar an gcósta thoir, timpeall ar 18 míle slí thoir ó Dhún Éideann ar an mBóthar A198. De réir mheastacháin sa bhliain 2006, bhí 1,140 duine ina gcónaí ann.

Tógadh Eaglais Pharóiste Obar Líobhaite san 15ú haois agus atógadh í sa bhliain 1887. Bhí cuan an bhaile tábhachtach sa Mheán-Aois ach téann stair na háite níos faide siar ná sin arís.