Oasis
| Oasis | |
| Tír | An Ríocht Aontaithe |
| Gníomhach | 1991 – 2009 |
| Seánra(í) ceoil | Rac-cheol |
| Baill | Liam Gallagher Gem Archer Andy Bell |
| Iar-bhaill | Noel Gallagher Alan White Paul Arthurs Paul McGuigan Tony McCarroll |
| Suíomh gréasáin | oasisinet.com |
Ba bhanna rac-cheoil as Manchain, Sasana é Oasis. Phléasc siad amach sa bhliain 1994 leis a gcéadligean cáiliúil Definitely Maybe, agus sa lá atá inniu ann tá níos mó ná caoga milliún albam díolta acu ar fud an domhain. Na daoine atá ag croí an bhanna ná Noel Gallagher agus a dheartháir níos óige Liam. Is iad na ceoltóirí eile atá sa ghrúpa ná Zak Starkey (mac le Ringo Starr) ar na drumaí, Gem Archer ar an ndord-ghiotár agus Andy Bell ag seinm an ghiotáir.
Tá inspioráid tógtha ag Oasis ó a lán de na bannaí Sasanacha a bhain cáil amach sna 1960idí, mar shampla The Beatles, The Who, The Kinks agus The Rolling Stones. Chomh maith le sin, bhí tionchar mór ag bannaí eile as Manchain orthu freisin, mar shampla The Smiths agus The Stone Roses.
Bhí Oasis ar cheann de na bannaí is mó ar ar dtugtaí Britpop i lár na 1990idí, in éineacht le Blur, Pulp, Elastica, Cast agus roinnt bannaí eile. Bhí coimhlint cháiliúil sna meáin agus sna chairteacha idir iadsan agus Blur, na bannaí ba mhó ag an am.
I mí Lúnasa 2009, dúirt Noel Gallagher go raibh sé ag éirí as an banna de bharr coimhlintí leis a dheartháir Noel.
Albaim [athraigh]
Tá seacht n-albam seolta ag Oasis:
- Definitely Maybe (1994)
- (What's The Story) Morning Glory? (1995)
- Be Here Now (1997)
- Standing On The Shoulders Of Giants (2000)
- Heathen Chemistry (2002)
- Don't Believe The Truth (2005)
- Dig Out Your Soul (2008)
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.