Néal pláinéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Néal pláinéadach NGC 6326

Sceall gáis bheodheirg mórthimpeall ar réalta fhorásaithe, a teilgeadh amach as an réalta. Níl aon bhaint aige le pláinéad, ach amháin go mbíonn an diosca seo cosúil sa teileascóp le dioscaí a bhíonn mórthimpeall ar phláinéid áirithe. Bíonn na réaltaí seo i bpas déanach ina n-éabhlóid, agus timpeall 1-4 oiread mhais na Gréine. Tá na mílte díobh inár réaltra.