Nuxálk
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Nuxálk (Nuxálk) |
|
|---|---|
| Á labhairt: | Ceanada |
| Réigiún: | An Cholóim Bhriotanach |
| Cainteoirí san Iomlán: | 20 |
| Rang: | ~ |
| Líne ghinealaigh: | Sailísis Nuxálk |
| Stádas Oifigiúil | |
| Teanga Oifigiúil: | Níl Nuxálk ina teanga oifigiúil |
| Foras Pleanála Teanga: | Rialtóir ar bith |
| Cóid teangeolaíocha | |
| ISO 639-1 | ~ |
| ISO 639-2 | sal |
| ISO 639-3 | blc |
| Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha | |
Is teanga Sailíseach í Nuxálk, a labhraínn 20-30 seanduine í i mBella Coola i gCeanada. Tugadh Bella Coola ar an teanga, ach is fearr an t-ainm dúchais Nuxálk anois.
Tá 28 consan agus 3 ghuta ag Nuxálk. Ní úsáidtear an coincheap de shiolla ann, mar is féidir le go leor consan a leanúint a chéile gan guta inmheánach eatarthu. Tá clú ar theangacha Sailíseacha, go háirithe Nuxálk, de bharr seo. Mar shampla, níl ach consan sa focal seo a leanas: xłp̓x̣ʷłtłpłłskʷc̓ [xɬp’χʷɬtɬpɬːskʷʦ’] "Bhíodh planda bunchberry ina sheilbh aige." (Nater 1984)
Tá go leor focal i Nuxálk mar an gcéanna:
- [ps] 'cruth'
- [p’s] 'lúb'
- [p’χʷɬt] bunchberry as Béarla (go lit., caor thriopallach)
- [ʦktskʷʦ] 'tháinig sé'
- [tʦ] 'buachaillín'
- [skʷp] 'seile'
- [sps] 'gaoth anoir-aduaidh'
- [tɬ’p] 'gearr le siossúr'
- [sʦ’q] 'sail ainmhí'
- [sʦ’qʦtx] 'sin mo shail ainmhí thall ansin'
- [tɬ] 'láidir'
- [q’t] 'téigh cois farraige'
- [qʷt] 'cam'