Nuacht TG4

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióNuacht TG4
Séanranuacht agus cúrsaí reatha
Láithreoir(í)Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Teangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
Fad na n-eipeasóidí30 min
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúiltg4.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Clár nuachta Gaeilge is ea Nuacht TG4, a chraoltar go beo gach lá ar an stáisiún TG4. Cuirtear an bhéim ar nuacht agus tuairiscí a bhaineann leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge araon, chomh maith le cuntais ar nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuireadh tús leis ar an 31 Deireadh Fómhair 1996, faoin ainm Nuacht TnaG agus le Gráinne Seoige mar láithreoir. Ón 13 Iúil 2009 ar aghaidh, bíonn gach eagrán ag teacht go beo ó stiúideonna TG4 i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe.

Taispeántar cláir a mhaireann tríocha nóiméad ag 19:00 idir Luain agus Aoine, agus cláir níos giorra ag 18:45 ag an deireadh seachtaine. Is cuid de Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ é Nuacht TG4, an chraobh den craoltóir náisiúnta atá freagrach as cúrsaí nuachta. Tá lucht féachana de 35-40,000 ag an gclár.

Láithreoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Eimear Ní Chonaola a chuireann an clár i láthair don chuid is mó, le Maolra Mac Donnchadha ina háit ar laethanta áirithe eile. Feictear daoine de na tuairisceoirí ann anois agus arís, mar shampla Ailbhe Ó Monacháin. Is é Rónán Ó Domhnaill an comhfhreagraí polaitiúil, agus bíonn Ruairí Mac Con Iomaire ann leis an tuairisc spóirt.

Tuairisceoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na dtuairisceoirí atá ag obair ar Nuacht TG4 ná Seán Mac a tSíthigh, Irene Ní Nualáin, Rónán Mac Con Iomaire, Áine Lally, Máire T. Ní Mhadaoin, Catherine Ní Ghuairim, Tomás Ó Mainnín, Caoimhe Ní Laighin agus Áine Ní Bhreisleáin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]