Nua-Ghaeltacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is Nua-Ghaeltacht ann ná Gaeltacht atá bunaithe d'aon ogham, is é sin, coilíneacht nó ceantar Gaeilge ina bhfuil an teanga ag dul ó ghlúin go glúin go nádúrtha, cé nach raibh an áit féin ina Gaeltacht le fada an lá sular aistrigh na Gaeilgeoirí ansin. Tá dhá áit in Éirinn, ar a laghad, a dtugtar Nua-Ghaeltacht orthu, is é sin, Gaeltacht na Mí i gContae na Mí agus Gaeltacht Bhóthar Sheoighe i mBéal Feirste.

Bunaíodh Gaeltacht na Mí sa bhliain 1935, i ndiaidh feachtas fada poiblíochta ar ghlac Máirtín Ó Cadhain páirt ann, i measc daoine eile. Níor bronnadh stádas oifigiúil Gaeltachta ar an áit roimh an mbliain 1967, áfach. D'aistrigh an rialtas timpeall 400 cainteoir dúchais ó Ghaeltacht Chonamara go Ráth Cairn agus Baile Ghib i gContae na Mí, le Nua-Ghaeltacht a bhunú ansin. Níor mhair an teanga ach i nGaeltacht Ráth Cairn, áfach.

I mBéal Feirste, d'éirigh leis na Gaeilgeoirí neamhdhúchais pobal nua a bhunú ina bhfuil an Ghaeilge ag maireachtáil go nádúrtha, agus na daoine óga á foghlaim mar chuid de shaol an phobail. Tá muintir na Nua-Ghaeltachta seo den tuairim go bhfuil éirithe leo, toisc go bhfuil saol a gceantair ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar leibhéil éagsúla, ar dhóigh is go gcastar na daoine céanna ar an duine i rólanna difriúla sóisialta, agus an Ghaeilge ar a dteanga i ngach suíomh.

Níl pleananna ag an rialtas fós Nua-Ghaeltachtaí eile a bhunú. Tá daoine ann, áfach, a bhfuil an smaoineamh acu Nua-Ghaeltacht a bhunú i dTuaisceart Chontae Átha Cliath agus Baile na nGaeilgeoirí a thabhairt uirthi. Is dócha go dtarraingeoidís ar thaithí na Nua-Ghaeltachtaí i gContae na Mí agus i mBéal Feirste le pobal a chur ar bun a bheadh in ann coinníollacha maithe maireachtála a chinntiú don teanga. Mar sin, bheadh roinnt áiseanna ar fáil san áit i nGaeilge, ach ní bheadh cead ag daoine gan Gaeilge cur fúthu ansin. Bheadh stáisiún traenach agus mótarbhealach suite sa cheantar, agus seans ag na daoine a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.