Norbert Wiener

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Matamaiticeoir is loighceoir Meiriceánach a saolaíodh i gColombia, Missouri ab ea Norbert Wiener (1894-1964). Rinne sé taighde ar chibirnitic agus d'fhoilsigh Cybernetics (Cibirnitic, 1948). Chuidigh sé le forbairt áiritheoirí is ríomhairí leictreonacha. Rinne sé obair thábhachtach ar dhóchúlacht, rialúchán aischothaithe, uathoibriú, agus bunús na matamaitice.