Nollaig Ó Gadhra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNollaig Ó Gadhra
Beathaisnéis
Breith16 Nollaig 1943
Fíonach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Lúnasa 2008
64 bliana d'aois
Na Forbacha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harvard Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, staraí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMáirín Ní Ghadhra Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoir, léachtóir, staraí, craoltóir dearscnaitheach agus gníomhaí teangan ab ea Nollaig Ó Gadhra (16 Nollaig 1943 - 13 Lúnasa 2008,.[1] agus fear meabhrach ildánach chomh maith.[2][3]

Chaith sé sealanna ag obair le RTÉ, an nuachtán Inniu, Fáilte an Iarthair agus Gaeltarra Éireann sula ndeachaigh sé ag obair mar léachtóir i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nollaig Ó Gadhra i bhFíodhnach, Contae Luimnigh. B’as Fíonach dá athair David agus b’as na Foidhrí, Co. Chiarraí, dá mháthair Hannah Flynn. I Meiriceá a casadh an bheirt ar a chéile.[4] Cuireadh meánscolaíocht air i nDrom Collachair agus, ó 1960 go 1962, i scoil Bhráithre De La Salle, Port Láirge.

Céimí é de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Gaeilge agus Stair mar ábhair céime aige. Bhain sé amach freisin ard-teastas san oideachas (H.Dip in Ed.).

Bhí cónaí air sna Forbacha, Conamara, le fada an lá. Chaith sé go leor dá shaol ag streachailt le tinneas; bhí an diaibéiteas ainsealach srl air. Bhásaigh sé go tobann agus go hóg i mí Lúnasa 2008.[1]

Tá a iníon, Máirín Ní Ghadhra, ina hiriseoir le Raidió na Gaeltachta.

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé 12 leabhar neamhfhicsin ar a laghad (liosta thíos). I measc na saothar óna láimh bhí beathaisnéisí ar Mahatma Gandhi, Éamonn Iognáid Rís, John Boyle O’Reilly, agus Richard J. Daley. Bhí suim ar leith aige leis an stair a bhain le bunú an Stáit agus cúrsaí polaitíochta ó shin agus scríobh sé leithéid Ríocht Roinnte agus Guth an Phobail bunaithe ar an taighde sin.[3]

Foilsíodh iliomad alt, léacht agus paimfléad leis i rith a shaoil freisin. Chaith sé seal fada ina cholúnaí leis an nuachtán agus bhí ailt i gcló aige go minic sna nuachtáin mar An tUltach, Feasta (tuairim is 150 píosa) agus Comhar (ocht n-aiste agus tríocha idir 1965 agus 1985).

Chaith sé a shaol proifisiúnta mar léachtóir iriseoireachta i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe (anois Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, GMIT). D'éirigh sé as a phost i 2002.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díograiseoir a bhí ann freisin i leith na Gaeilge agus athbheochan na teanga. I 2004 toghadh é mar uachtarán Chonradh na Gaeilge. B'é Ó Gadhra an 30ú Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus tháinig sé i gcomharbacht ar Sheágh Mac Siúrdáin.

Ba bhall de bhunaitheoirí TG4 é freisin.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Éamann Iognáid Rís (1977, 1996)
  • An Ghaeltacht (oifigiúil) agus 1992? (1989)
  • An Chéad Dáil Éireann, 1919-1921 agus an Ghaeilge (1989)
  • Margáil na Saoirse (1988)
  • Éire agus Polaitíocht na hEorpa: Léargas ar Thoghcháin Dhíreacha an Chomhphobail Eorpaigh (1986)
  • Ríocht Roinnte: Cúlra agus Ceachtanna Olltoghchán Westminster 1983 sna Sé Chontae (1985)
  • Guth an Phobail : Teip an Daonlathais ar Oirthuaisceart Éireann (1984)
  • Gaeltacht Mhaigh Eo (gan dáta)
  • Richard J. Daley, Méara Chicago (1979)
  • John Boyle O’Reilly agus an Glór Gael-Mheiriceánach (1976)
  • 1972 (gan dáta)
  • Gandhi (1969)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2008-08-14). "Fmr Conradh na Gaeilge president dies" (as en). 
  2. MÁIRE GEOGHEGAN-QUINN (29 Meán Fómhair 2017). "‘Bhuel, sin feic nach bhfaca mé cheana. Aire Dlí is Cirt na tíre ag beathú m’othair’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  3. 3.0 3.1 Máirín Ní Ghadhra. "Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde" (`ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2023-04-03.
  4. "Ó GADHRA, Nollaig (1943–2008)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-04-03.