Noitmig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann síorghlas a fhásann suas le 9 m ar airde, dúchasach do na Molacaí san Indinéis. Na duilleoga leathfhada cumhra, na bláthanna céiriúil buí tríliopach i bhfoirm chloigín, an toradh méith 5-9 cm ar leithead i gcruth piorra, síol mór amháin istigh ann (an spíosra a dtugtar noitmig air) agus mórthimpeall air sin an airil dhearg a ndéantar an spiosra maicis aisti. Tá támhshuanach sa dá spíosra seo, agus is nimhiúil an dá cheann acu má itear mórchuid díobh.