Noam Chomsky

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Noam Chomsky
Noam chomsky cropped.jpg
Dáta breithe 7 Nollaig, 1928
  Philadelphia, Pennsylvania, SAM
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Teangeolaí, fealsamh, gníomhaí, léachtóir
Suíomh gréasáin

Teangeolaí, fealsamh, gníomhaí polaitiúil, údar agus léachtóir as Philadelphia, S.A.M. é Noam Chomsky (a rugadh ar an 7 Nollaig, 1928). Tá an chuid is mó dá shaol caite aige ar an Massachusetts Institute of Technology, i gCambridge, Massachusetts, S.A.M.

Cé go bhfuil mórchuid a ama sna hochtóidí agus sna nóchaidí caite aige ag scríobh ar pholaitíocht (go deimhin, thosaigh sé ag scríobh ar pholaitíocht i rith Chogadh Vítneam), bhain sé a chlú amach i 1955 lena leabhar Logical Structures of Linguistic Theory, a chuir tús le scoil nua teangeolaíochta: Transformational Generative Grammar.