Niúmóine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Athlasadh scamhóg mar gheall ar ionfhabhtú le microrgánaigh, de ghnáth le baictéirvíris, is ea niúmóine.

Mar mhalairt ar bhroincíteas, a chuireann isteach ar na haerphasáistí, baineann an t-ionfhabhtú seo leis na saic ailbheolacha, go domhain sna scamhóga mar a dtarlaíonn malartú na ngás de ghnáth.

Athlastar na hailbheolais seo, agus líonann siad le sreabhán is cealla athlasta.

Cuireann sé seo isteach go mór ar mhalartú na ngás, agus laghdaíonn tiúchan na hocsaigine sa bhfuil.

Galar dian a bhíonn ann a thosaíonn go tapa, le giorra anála, fiabhras, casacht tháirgiúil, haemaitís is pliúraisí. Nuair a bhaineann an frithghníomhú athlasta le cuid de mhaothán, maothán amháin, nó níos mó ná sin, tugtar niúmóine maothánach air. Nuair a bhíonn paistí ionfhabhtaithe scaipthe ar fud na scamhóg, tugtar broinciniúmóine air.

Tagairtí