Nioclás II na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Nioclás a Dó)
Nikolay Alexandrovich Romanov
Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise
Nicolas II photographie couleur.jpg
An tImpire Nioclás II
Réimeas 1 Samhain 189415 Márta 1917
Dáta breithe 19 Bealtaine 1868
Áit bhreithe Tsarskoye Selo, An Rúis
Dáta báis 17 Iúil 1918
Áit bháis Yekaterinburg
Réamhtheachtaí Alastair III
Rítheaghlach Romanov
Céile Alexandra Fyodorovna
Síniú
Nicholas II Signature.svg

B'é Nioclás II (Rúisis: Николай II) (18 Bealtaine, 186817 Iúil, 1918) Sár deireanach na Rúise. Chaill sé a choróin sa bhliain 1917, tar éis Réabhlóid na Feabhra, agus chuir Léinín agus an páirtí Boilséiveach é chun báis sa bhliain 1918, i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair.

B'é an t-ainm iomlán a bhí air Nikolai Aleksandrovich Romanov (Rúisis: Николай Александрович Романов), ach thugtaí Nioclás II, Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise. Tugtar na leasainmneacha An Mairtíreach Nioclás agus Nioclás Fuilteach air freisin.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Rugadh Nioclás i gCathair Pheadair sa Rúis sa bhliain 1868. B'iad Impire Alastair III agus a bhean chéile Banimpire Maria Fyodorovna (iar-Bhanphrionsa na Danmhairge, Dagmar) a thuismitheoirí.

Lena mháthair sa bhliain 1870

B'é Alastair II a sheanathair, agus Maximilienne Wilhelmine Marie ó Hessen agus an Réin a sheanmháthair. Athair dian ab ea é Alastair III, agus cheap sé go raibh Nioclás rófhaiteach. Fuair sé bás go tobann, agus dá thoradh sin, ní raibh Nioclás ullmhaithe an choróin a ghlacadh. Thit Nioclás i ngrá le Banphrionsa Alexandra (Alix) ó Hessen agus an Réin, ach ní raibh a athair sásta leis an mbean seo mar Bhanimpire. B'fhearr le hAlastair go bpósfadh sé banphrionsa ó rítheaghlach Orleans, ó bhí an Sár díreach i ndiaidh comhghuaillíocht nua a shocrú leis an bhFrainc. Sa deireadh, áfach, fuair Nioclás cead óna athair Alix a phósadh.

Clann[athraigh | edit source]

Fuair Nioclás an choróin sa bhliain 1894, agus phós sé Alexandra ar an 26ú lá de Mhí na Samhna sa Phálás Geimhridh. Saolaíodh cúigear páistí dóibh, mar atá, Olga, Tatiana, Maria, Anastasia, agus Alexei. Ní raibh tús maith ag Nioclás mar Shár, nó fuair míle duine bás ag an gcorúnú i Moscó, i dtubaiste Khodynka. Bhí fadhb aige freisin lena mhac Alexei, a rugadh ar an dóú lá déag de Mhí Lúnasa sa bhliain 1904. B'é Alexei a bheadh ina Shár i ndiaidh a athar, ach fuair siad amach go raibh haemaifilia air. Galar contúirteach is ea í inniu féin, ach bhí sí i bhfad ní ba chontúirtí sna laethanta seo. Ní raibh aon leigheas ann, agus d'fhaigheadh na hothair bás go hóg. Níor mhaith leis an lánúin Impiriúil scaoll a chur sna daoine, agus mar sin, ní dúirt siad a dhath faoi ghalar Alexei le haon duine taobh amuigh den teach.

Bhí an Banimpire Alexandra ag éirí éadóchasach faoi Alexei. An manach rúndiamhrach a bhí ina cheanán ag an teaghlach Impiriúil, Grigori Rasputin, thug sé le fios go raibh sé in ann maolú ar ghalar Alexei, agus cheap Alexandra gur tháinig an chabhair seo go díreach ó Dhia agus gur fear naofa a bhí i Rasputin. Mar sin, d'éirigh le Rasputin an-údarás a fháil i saol an Impire agus an-tionchar a imirt ar a chuid comhairlí polaitiúla. Níor thaitin seo le cách san Impireacht, agus bhí scéalta náiriúila faoi Rasputin ag dul timpeall a tharraing míchlú ar an lánúin Impiriúil.

Réabhlóid[athraigh | edit source]

Bhris an Chéad Cogadh Domhanda amach sa bhliain 1914, agus chuaigh Nioclás chun troda sa chéad bhliain eile. Sa bhaile, áfach, thosaigh an chosmhuintir ag dul chun míshuaimhnis, agus an dóigh a ndeachaigh an geilleagar i laige, gan aon trácht ar an mbia a bheith ag rith gann. Briseadh an cath ar an arm i Mí an Mheithimh sa bhliain 1916, agus bhí tionchar dona ag an nuacht seo ar chúrsaí polaitíochta na tíre freisin. Ar feadh tamaill, b'í an Banimpire Alexandra a bhí i gceannas ar an tír, agus Rasputin ag tabhairt comhairle di. Chuaigh údarás Rasputin go mór mór isteach ar chuid mhór de na Rúisigh, agus sa deireadh thiar thall, dúnmharaíodh é. Bhí Cathair Pheadair lán lucht oibre agus saighdiúirí a chuaigh ar stailc, agus sa deireadh, bhris Réabhlóid na Feabhra amach sa bhliain 1917. Bhí ar Nioclás an choróin a thabhairt suas. Leis an eachtra seo a cuireadh deireadh leis an rialtas Impiriúil sa Rúis, a bhí á rialú ag rítheaghlach Romanov le trí chéad bliain anuas.

Bás[athraigh | edit source]

Chuir an Rialtas Sealadach nua Nioclás agus a chlann i bPalás Alastair in aice le Cathair Pheadair. I mí Lúnasa 1917, cuireadh go dtí an tSibéir iad, mar cheap Alexander Kerensky, Príomh-Aire an Rialtais Shealadaigh, go mbeidís ní ba sábháilte ansin. B'ansin a bhí siad ag fanacht le linn Réabhlóid Dheireadh Fómhair freisin. Tar éis bhua Léinín, tugadh go dtí Yekaterinburg iad, áit ina raibh an tArm Dearg agus na Boilséivigh láidir. San oíche 17 Iúil 1918, maraíodh an teaghlach ar fad.

Ceannairí na Rúise
Romanov Flag.svg Flag of Russia.svg Impireacht na Rúise (1721–1917)

Peadar I | Caitríona I | Peadar II | Áine | Ivan VI | Éilís | Peadar III | Caitríona II | Pól I | Alastair I | Nioclás I | Alastair II | Alastair III | Nioclás II

Flag of the Soviet Union (1923-1955).svg Flag of the Soviet Union (1955-1980).svg Flag of the Soviet Union.svg An tAontas Sóivéadach (1917–1991)

Vlaidímír Léinín | Iósaf Stailín | Georgy Malenkov | Nicíte Cruistsiof | Leonid Brezhnev | Yuri Andropov | Konstantin Chernenko | Míchail Gorbaitsov

Flag of Russia.svg Cónaidhm na Rúise (1991-inniu)

Boris Yeltsin | Vladímír Pútín | Dmitry Medvedev