Nikolai Nikolayevich Semenov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Saratov na Rúise ab ea Nikolai Nikolayevich Semenov (1896-1986). Rinne sé taighde ar iarmhairtí drugaí ar chealla baictéar, cinéitic imoibrithe ceimiceacha (maidir le himoibrithe slabhrúla go háirithe), pléascthaí is dó, agus lasracha. Roinn sé Duais Nobel sa cheimic le Cyril Hinshelwood i 1956 as an saothar ar chinéitic imoibrithe.