Nicole Sullivan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nicole Sullivan
Breith 1970
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Aisteoir, fuirseoir

Is fuirseoir, aisteoir agus aisteoir gutha Meiriceánach í Nicole Julianne Sullivan, a rugadh ar an 21 Aibreán 1970 i Manhattan, Nua-Eabhrac. Tógadh ansin í agus bhí sí páirteach i gcúrsaí cultúrtha, idir cheachtanna agus an stáitse gur thug a athair, polaiteoir stáit, go Middleburgh níos faide ó thuaidh, sa bhliain 1982.

Tá clú uirthi as na sé shéasúr a chuir sí isteach ar chlár fuirseoireachta ar MADTV (1995-2001) agus as na cúig bliana a raibh sí ar an sitcom CBS The King of Queens. Bhíodh páirteanna gutha aici ar Family Guy freisin. Faoi láthair guthaíonn sí an carachtar Marlene sa tsraith sin The Penguins of Madagascar.