Nicitín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaNicitín
Spriocghalarulcerative colitis (en) Aistrigh agus nicotine dependence (en) Aistrigh
Sonraí cliniciúla
Riosca le linn toirchisAustralian pregnancy category D (en) Aistrigh agus US pregnancy category D (en) Aistrigh
Grúpa cógaseolaíochtanicotine-like alkaloid (en) Aistrigh agus nicitín
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC10H14N2
Mais mhóilíneach162.115698448 Da
Dlús1.01 g/cm³
Leáphointe−110 °F agus −79 °C
Aitheantóirí
Uimhir CAS54-11-5
PubChem (SID)89594
IUPHAR/BPS2585
DrugBank00184
ChemSpider80863
UNII6M3C89ZY6R
KEGGC00745
ChEBI17688
ChEMBLCHEMBL3
PDB liogann IDNCT
ECHA100.000.177
C10H14N2

Is é an 3-[(2S)-1-meitilpioróilidín-2-il]piridín nó an nicitín an t-alcalóideach is cúis leis an dúil nimhe a chuireann na daoine sa tobac. I nduilleoga an phlanda tobac is mó atá an nicitín ar fáil (seasann sé do 0.6 - 3.0 % de mheáchan an tobac thirim), nó úsáideann an planda é mar nimh a choinníonn na feithidí ó na duilleoga. Sna laethanta a bhí, bhaineadh an duine daonna féin úsáid áirithe as an nicitín leis na feithidí a mharú, agus inniu féin, úsáidtear comhdhúile atá cosúil leis an nicitín ó thaobh a struchtúir agus a dtionchair de, ar nós imideaclóipríd.

Is féidir le tiúchan lag nicitín néaróga an duine a spreagadh, agus is dual don duine taitneamh a thabhairt don spreagadh seo agus dúil nimhe a chur sa nicitín dá thoradh sin. Tá sé thar a bheith deacair an nós sin a bhriseadh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]