Niamh Kavanagh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiamh Kavanagh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Feabhra 1968
56 bliana d'aois
Fionnghlas, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1990 –
SeánraPopcheol
TeangachaBéarla
UirlisSacsafón agus ceol gutha
Lipéad ceoilArista Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
29 Bealtaine 2010Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2010
1993Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 1993 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinwebwrite.net… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1487082 Spotify: 12hSYkC1U7FAvUURms6A2g Musicbrainz: ed8e9c17-fd4f-4931-bdad-5daadfb8cdf4 Discogs: 527918 Allmusic: mn0001245444 Deezer: 129724 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí Éireannach í Niamh Kavanagh a rugadh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1968.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Niamh Kavanagh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1968, agus fuair sí post mar bhaincéir. Bhí sí ag obair i lár na cathrach i mBanc na hÉireann, ach fuair sí clú agus cáil nuair a bhuaigh sí Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse sa bhliain 1993. Bhí sí ina hionadaí do Éirinn, i lár dhá bhua eile. Bhuaigh Linda Martin sa bhliain 1992 (le Why Me), agus ansin bhuaigh Paul Harrington agus Charlie McGettigan sa bhliain 1994 (le Rock N' Roll Kids). Sa bhliain 1996, bhí bua eile le hÉirinn agus The Voice á chanadh ag Eimear Quinn.

Sa bhliain 1993, nuair a chan Niamh, bhí an Comórtas suite i gCorcaigh, sa 'Green Glens Arena' i Sráid an Mhuilinn. Chan Niamh In Your Eyes, agus bhí bua ag an amhrán seo le 187 pointe sa deireadh. Bhí cúpla amhrán eile aici i ndiaidh an chomórtais, mar Flying Blind. Bhí In Your Eyes uimhir a haon ar 40 Oifigiúil na hÉireann sa bhliain 1993, agus d'fhan sé anseo níos faide ná aon amhrán eile sa bhliain seo. Fosta, cheannaigh daoine an t-amhrán seo sna siopaí níos mó ná aon amhrán eile sa bhliain 1993.

Oslo[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Feabhra sa bhliain 2010, bhí Niamh ar ais ar ár dteilifíseáin, nuair a chuaigh sí ar Eurosong 2010, eagrán speisialta de chuid The Late Late Show. Fuair Niamh an vóta uasta an phobail agus vóta uasta an ghiúiré, leis an amhrán It's For You.

As 39 náisiún, fuair Niamh ceann de na 25 háiteanna a bhí le fáil i mbabhta ceannais an chomórtais, agus chaith sí gúna corcra. Bhí ceathrar amhránaí eile in aice léi agus rinne sí 23ú as 25 ar an oíche. Bhí imoibriúcháin diúltach abhaile in Éirinn faoi seo, ach ar aon nós bhí áthas ar Niamh agus ní raibh aon aiféala uirthi.

Shroich It's For You uimhir a hocht ar 40 oifigiúil na hÉireann sa bhliain 2010.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Niamh ina cónaí i gContae Ard Mhacha, agus tá sí pósta agus beirt mhac acu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]