Niall Tóibín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is aisteoir agus fuirseoir Éireannach é Niall Tóibín. Saolaíodh é i gCorcaigh ar an 21 Samhain 1929,[1] i dteaghlach le Gaeilge ó dhúchais.[2] Tógadh Tóibín ar thaobh tuaisceartach na cathrach i mBishop's Field, agus oileadh é ag an Mainistir Thuaidh. Nuair a bhí a chuid oideachas críochnaithe aige, d'fhág sé Corcaigh chun post a fháil sa státseirbhís i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir sa bhliain 1947.

Bhí sé gniomhach in Amharclann an Damer mar aisteoir agus mar léiritheoir.

Tá scannáin agus sraitheanna teilifíse déanta aige in Éirinn agus ar fud an domhain, mar shampla Ryan's Daughter agus Bracken sna 1970idí, The Irish R.M. agus Caught in a Free State sna 1980idí, agus níos déanaí Veronica Guerin, Ballykissangel agus Far and Away.[3] In iomlán, tá gairmréim fhada agus rathúil aige a clúdaíonn ceithre deichniúr. Tá aisteoireacht déanta aige don raidió chomh maith, mar shampla a thaispeántas mar aoi ar an gclár Baldi ar BBC Radio 4.

Tagairtí[athraigh | edit source]