Niaibiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Niaibiam
Siombail Cheimiceach Nb
Uimhir Adamhach 41
Meáchan Adamhach 92.90638(2) g·mol
Grúpa, Peiriad 5, 5, d
Dlús 8.57 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Na miotail thrasdultacha
Nb-TableImage.png

Is é an niaibiam (seanainm: colaimbiam) dúil uimhir a 41, agus is é a uimhir adamhach ná 41. Ceann de na miotail trasdultacha é, agus é bog liath insínte. Is iad an pireaclór agus an cholaimbít an dá fhoinse is mó niaibiam, agus is é an pireaclór an fhoinse is tábhachtaí. Ocsaíd mheasctha é an pireaclór a bhfuil idir niaibiam, chailciam, agus shóidiam ann. Maidir leis an gcolaimbít, is ocsaíd mheasctha í freisin agus idir niaibiam agus thantalam ann, chomh maith le miotail níos coitianta ná iad.

Ó thaobh na ceimice agus na fisice féin de, tá an niaibiam an-chosúil leis an tantalam, agus bíonn sé deacair an dá dhúil seo a aithint thar a chéile. Ba é an ceimiceoir Sasanach Charles Hatchett a thug an chéad chur síos ar dhúil nua a raibh airíonna an tantalaim aici, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an dúil seo ná colaimbiam, thiar sa bhliain 1801. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, tháinig ceimiceoir Sasanach eile, darbh ainm William Hyde Wollaston, tháinig sé ar an tátal neamhfhírinneach ná gurbh ionann an colaimbiam agus an tantalam. Ligeadh an colaimbiam i ndearmad go ceann i bhfad, ach sa bhliain 1846, phostaláidigh an ceimiceoir Gearmánach Heinrich Rose go raibh dúil eile seachas tantalam le fáil i mianraí an tantalaim. Is eisean a bhronn ainm an niaibiam ar an dúil seo. Faoi lár na 1860idí, rinneadh sraith d'fhionnachtana eolaíochtúla a thaispeáin gurbh ionann an niaibiam agus an colaimbiam a bhí aitheanta ag Hatchett i dtús na naoú haoise déag. Ar an drochuair. bhí Hatchett ag iompar na bhfód ón mbliain 1847 i leith. Cibé scéal é, mhair na ceimiceoirí ag tabhairt an dá ainm - idir cholaimbiam agus niaibiam - ar an miotal seo, go dtí gur ghlac Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí le "niaibiam" mar ainm oifigiúil sa bhliain 1947.

Niaibiam

Úsáidtear niaibiam sna cóimhiotail, cosúil leis an gcruach speisialta as a dtógtar píblínte le haghaidh gáis. Thairis sin, is comhábhar tábhachtach é an niaibiam i gcóimhiotail fhorsheoltacha - cóimhiotail speisialta agus iad ag iompar leictreachais agus teasa i bhfad níos fearr ná gnáthmhiotail. Úsáidtear maighnéid fhorsheoltacha den chineál sin sna scanóirí i ngléasra le haghaidh íomháú athshondais mhaighnéadaigh - teicneolaíocht nua-aoiseach atá ann a chuireann ar chumas na ndochtúirí pictiúir i bhfad níos mionchruinne, pictiúir thréthoiseacha fiú, a thógáil de struchtúr inmheánach na colainne ná na X-ghathanna traidisiúnta.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an niaibiam, mar atá, 93Nb. As an gceann sin atá niaibiam an dúlra comhdhéanta ina iomláine. D'éirigh leis na fisiceoirí breis agus tríocha raidiseatóp saorga a tháirgeadh, áfach. Is é 92Nb an ceann is cobhsaí acu, agus é 34,700,000 bliain ar leathré, ach fadsaolach is uile mar atá sé, níl sé féin le fáil sa dúlra.

Tá an niaibiam sách díonta ar na haigéid agus ar na hocsaídeoirí. Ní féidir leis an aqua regia féin é a chreimeadh. Imoibreoidh sé leis an bhfluairín ag teocht an ghnáthsheomra, agus má théitear go 200 °C é, imoibreoidh sé leis an gclóirín agus an ocsaigin. Creimfidh an t-aigéad hidreafluarach (tuaslagán uisce na fluairíde hidrigine HF) an niaibiam, áfach.

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is cobhsaí atá ag an niaibiam ná +V.