Niúmaconóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar scamhóg mar thoradh ar ionanálú aeir ina bhfuil páirteagail mhíne a scaiptear ar fud na scamhóg is a dhéanann na scamhóga colmnach (fibróiseach) de réir a chéile. Neamhord coitianta tionsclaíoch a tharlaíonn do mhianadóirí guail agus daoine a oibríonn le haispeist is silice. Casacht is giorra anála, a éiríonn níos measa le himeacht aimsire, a tharlaíonn dóibh.