Newt Gingrich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Newt Gingrich

Is polaiteoir, údar agus staraí Meireacánach é Newton Leroy "Newt" Gingrich (a rugadh mar Newton Leroy McPherson ar 17 Meitheamh 1943). Iartheachta ó Georgia i dTeach Ionadaithe na Stát Aontaithe (1979-1999) é Newt Gingrich. Faoi láthair tá sé ar lorg ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí Phoblachtaigh i dtoghchán na bliana 2012.

Rugadh agus tógadh Newt in aice le Harrisburg, Pennsylvania. D'fhreastail Gingrich ar Ollscoil Emory agus fuair sé a dhochtúireacht ó Ollscoil Tulane. Teagascóir staire agus tíreolais ag West Georgia College a bhí ann sna 1970idí. I ndiaidh cúpla iarracht gan rath, d'éirigh le Newt Gingrich suíochán a bhaint amach i dTeach Ionadaithe na Stát Aontaithe sa toghchán i Mí na Samhna, 1978.