Neodraipéine fhiabhrasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarNeodraipéine fhiabhrasach
cuir in eagar
Cineálneodraipéine Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighishaemaiteolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10D7070. Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9288.0288.0 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD064147 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0746883 Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is Neodraipéine fhiabhrasach (febrile neutropenia i mBéarla) ann ná forbairt an fhiabhrais, go minic le comharthaí eile ionfhabhtaithe, in othar le neodraipéine, líon thar íseal de ghranalaicítí neodraifileacha (cineál de choirpíní fola bána) san fhuil.

Othar le neodraipéine

Cuirtear an téarma seipsis neodraipéine i bhfeidhm chomh maith, cé gur minic a mbíonn othair le breoiteacht níos measa i gceist. Is cúis le hionfhabhtú an fiabhrais iarbhír i 50% de na cásanna, agus is féidir leis an bhaictéiréime (baictéar san sruth fola) a bheith i láthair i go leor othar, suas le 20% de gach othar le líon iomlán neodraifilí faoi 1.0.[1]

Is féidir le neodraipéine fhiabhrasach a fhorbairt i bhfoirm ar bith neodraipéine, ach go ginearálta éiríonn an chuid is mó díobh mar aimhréidh na gceimiteiripe nuair is sochtóirí mialómacítí (an smior a shochtadh ó tháirgeadh cealla fola) a bhíonn in úsáid.

Go ginearálta, tugtar antaibheathaigh eimpíreacha d'othair le cóireáil a chur ar an ngalar, go dtí go mbíonn biseach ar a gcomhaireamh neodraipéine agus laghdú ar an bhfiabhras. Mura mhéadaíonn líon na neodraipéine, de réir mar is cuí, d'fhéadfadh gur gá cóireáil leanúint ar aghaidh ar feadh dhá sheachtain nó níos mó.

Moltar sna Treoirlínte a eisíodh sa bhliain 2002 ag an Infectious Diseases Society of America go núsáidfear péirí áirithe antaibheathaigh i suímheanna ar leith.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hughes WT, Armstrong D, Bodey GP, et al. (March 2002). "2002 guidelines for the use of antimicrobial agents in neutropenic patients with cancer". Clin. Infect. Dis. 34 (6): 730–51. doi:10.1086/339215. ISSN 1058-4838. PMID 11850858.