Nathair choparcheannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nathair bhéaldearg atá dúchasach d'oirdheisceart na Stát Aontaithe. Barr an chinn scothdhearg/donn. Baineann sí greim as níos mó daoine ná aon nathair nimhiúil eile, ach is nimh lag a bhíonn aici agus is annamh a fhaigheann duine bás aisti.