Nasctheanga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaNasctheanga
Cineálaicme teangóide
Aicmiú teangeolaíoch
teanga
Tréithe
Staidéar agsochtheangeolaíocht

Is é is nasctheangapidgin ann ná teanga nach bhfuil ó dhúchas ag aon duine, agus í á húsáid mar ghléas comhchumarsáide nó francbhéarla idir dreamanna eitneacha éagsúla. Bíonn na nasctheangacha bunaithe ar na teangacha móra domhanda, de ghnáth, ach amháin nach bhfuil ach freastal an ghéar-riachtanais fágtha d'fhoclóir agus de ghramadach na bunteanga sin.

Teangacha is ea na nasctheangacha a thagann ar an bhfód go spontáineach, de thoradh na teagmhála idir teangacha éagsúla. Mar sin, ní nasctheanga í an teanga Esperanto, siúd is go bhfuil bunlitríocht an-saibhir aici, agus go bhfuil a córas gramadaí go hiomlán neamhspleách ar aon teanga náisiúnta. Tugtar teanga phleanáilte uirthi, bíodh is go bhfuil sí ag fás is ag forbairt san úsáid laethúil ar fud an domhain le breis is 120 bliain anuas.

Cé go mbíonn na nasctheangacha simplí, ní hionann sin is a rá nach mbeadh gramadach ar leith acu. Ní féidir leat, abair, an Béarla a shimpliú mar is mian leat agus nasctheanga a thabhairt air sin.

Comhthréithe na nasctheangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn na nasctheangacha cosúil le chéile ó thaobh na gramadaí, is é sin, is féidir comhchlaontachtaí a aithint fiú i nasctheangacha a d'fhorbair beag beann ar a chéile:

  • bíonn struchtúr na habairte sách simplí agus ní bhíonn fochlásail ann
  • bíonn códaí na siollaí á simpliú nó ag titim ar lár
  • bíonn na cairn chonsain ag titim as a chéile nó á simpliú
  • ní bhíonn ach na gutaí is bunúsaí ann (a, e, i, o, u)
  • ní bhíonn na nasctheangacha tonúil
  • úsáidtear focail scartha le haimsirí na mbriathar a chur in iúl
  • deirtear an focal faoi dhó le ciall na huimhreach iolra nó na sárchéime a bhronnadh air

Nasctheangacha tábhachtacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Nasctheanga a bhí sa teanga Tok Pisin ar dtús. Anois, áfach, tá sí ag iompú ina fásteanga, agus cainteoirí dúchais ann.
  • Nasctheanga stairiúil ab ea an teanga Russenorsk. Meascán den Rúisis agus den Ioruais a bhí ann agus gramadach an-simplí ag dul leo. Bhí sí á húsáid ag na hiascairí Rúiseacha agus Ioruacha ina gcuid gnóthaí tráchtála le chéile, go dtí gur dhún an réabhlóid Bhoilséiveach an teorainn.
  • Nasctheanga stairiúil eile ab ea an teanga Chinook Jargon. Béarlagair measctha a bhí ann a fuair a chuid focal ón mBéarla, ón bhFraincis agus ó na teangacha bundúchasacha a bhain leis an ngrúpa Chinook. Chuaigh an chuid is mó de na teangacha seo in éag cheana féin. Bhí an Chinook Jargon á labhairt in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, áit a bhfuil Alasca, stát Washington, Oregon agus an Cholóim Bhriotanach inniu. D'iompaigh an teanga seo ina fásteanga chomh maith, teanga ar a dtugtar Chinook Wawa. Tá an teanga Chinook Wawa á labhairt mar theanga dhúchais i nGrand Ronde, Oregon inniu féin. Tháinig na focail skookum agus potlatch as an teanga seo. Bíonn focail de chuid na teanga á n-úsáid go coitianta i mBéarla an réigiúin, ar nós klahowya, a chiallaíonn "Dia duit" nó "heileo".
  • Tá an teanga Fanakalo nó Fanagalo á labhairt sna poill mhianaigh san Afraic Theas. Tá sí bunaithe ar an teanga bhundúchasach úd Zulu. Tháinig an chuid is mó de na focail as an teanga Zulu. Thairis sin, tá focail Bhéarla, Afracáinise agus fiú Portaingéilise ann. Níl a dhath fágtha de ghramadach chasta na teanga Zulu, áfach, agus is gnách comhréir agus dul an Bhéarla a chur i bhfeidhm ar an teanga.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]