Fórsa van der Waals

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 02:49, 9 Samhain 2013 le HusseyBot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)

Nasc an-lag idir adaimh neodracha. Tarlaíonn sé nuair a bhíonn luchtanna urchomhaireacha scartha amach óna chéile sna hadaimh, mar shampla i ndéphoil. Mar sin, ar bhonn logánta tarlaíonn fórsaí éartha is aomtha idir na hadaimh seo, agus fórsa glan an-lag eatarthu. Laghdaíonn forsa seo van der Waals go géar in aghaidh an fhaid idir na luchtanna. Bíonn na naisc laga seo freagrach as leachtú héiliam is na dtriathghás eile.