Napailm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'armaNapailm
Cineálmeascán agus breosla Cuir in eagar ar Wikidata
Stair táirgthe
DearthóirLouis Fieser Cuir in eagar ar Wikidata

Lón cogaidh i bhfoirm boiscíní a chaitear ó eitleán de ghnáth. Bíonn na boiscíní lán de ghlóthach peitriliam, agus nuair a thiteann siad ar thargaid — feithicil nó foirgneamh treisithe, nó daoine — briseann na boiscíní, scaipeann an glóthach a ghreamaíonn le haon dromchla a dtiteann sé air, agus téann trí thine. Is é atá sa ghlóthach ná gallúnach alúmanaim d'aigéad naftaineach is aigéad pailmíteach. D'úsáid na Meiriceánaigh go forleathan le linn an chogaidh i Vítneam í.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Napailm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 476.