Naomh Vailintín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Naomh Vailintín agus An Mhaighdean Mhuire.

Naomh darbh ainm Vailintín as a ainmnítear an fhéile Lá Fhéile Vailintín. Bhíodh scata de mhairtírigh luatha Chríostaí a raibh Vailintín mar ainm orthu. Bhunaigh an Pápa Gelasius I an fhéile sa bhliain AD 496.

Sagart a ba ea Vailintín a cuireadh chun bháis i ngéarleanúint an Impire Diocletian i ndeireach na tríú aoise. Deirtear go bhfuair sé bás ar 14ú Feabhra. Cuireadh é sa catacoimb na Róimhe ach bhronn an Pápa Gréagóir XVI cnámha Vailintín ar an sagart Éireannach Cairmilíteach, an tAthair John Spratt sa naoiú aois déag agus tá siad le feiscint inniu i séipéal Sráid na mBráthair Bán i mBaile Átha Cliath.