Naomh Muinice
Ba Beirbeireach í Naomh Muinice a chaith an chuid ba mhó dá saol san Afraic Thuaidh. Cé gur Críostaí a bhí inti, bhí sí pósta le fear págánach níos sine ná í dárbh ainm Patricius (Pádraig i nGaeilge, ar ndóigh). Bhí triúir chlainne orthu, ach ba é Naomh Aibhistín an duine ba chláiliúla dóíbh.
Ba chúis imní do Mhuinice an saol a bhí á chaitheamh ag a mac. Uair amháin, chuaigh sí chuig easpag chun sólás a fháil. Nuair a chonaic sé í ag caoineadh uair amháin, dúirt sé léi nárbh fhéidir le mac neamairt a dhéanamh de dheoraí a mháthar. Thiontaigh Aibhistín ina Chríostaí nuair a bhí sé níos sine agus fuair Naomh Muinice bás sa Róimh go gearr ina dhiaidh sin sa bhliain 387. Tá a lá féile ar 4 Bealtaine de réir an fhéilire traidisiúnta ach ar 27 Lúnasa ar nua-fhéilire na hEaglaise.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |