Naomh Cilian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNaomh Cilian

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith640
An Mullach Cuir in eagar ar Wikidata
Bás689
48/49 bliana d'aois
Würzburg Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmsagart, easpag Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Ardú
Lá féile8 Iúil Cuir in eagar ar Wikidata

Naomh Éireannach ba ea Cilian (nó CillianChillenus[1]), a rugadh sa Mhullach i gContae an Chabháin tuairim is 640 agus cuireadh chun báis in Würzburg[2] na Gearmáine é ar 8 Iúil 689.[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I bparóiste an Mhullaigh i gContae an Chabháin i ndeoise Chille Móire a rugadh Naomh Cillian, de réir dealraimh. Oileadh Cilian ina mhanach agus oirníodh é ina easpag i lár na seachtú aoise.

In éineacht le haon chompánach déag, d’fhág sé Éire (mar aon leis An Dá Aspal Déag) agus chas sé leis an bpápa sa Róimh. Le himeacht aimsire shroich sé Würzburg sa Ghearmáin, áit ar cuireadh fáilte chroíúil roimhe ag an Diúc Gozbert. Rinne sé soiscéalaíocht fud fad an cheantair tuairim is 686. Thugtaí aspal Thuringia agus Franconia Thoir air (i dtuaisceart Bhaváir na Gearmáine anois).

Cilian agus Herzog Gosbertː Straßburger Codex, timpeall 1418

Finscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thiontaigh taoiseach na Francóine, Gosbert, ina Chríostaí agus lean cuid mhaith dá phobal le báisteach. Dá ainneoin sin, bhí Cilian míshásta le caighdeán moráltacht chúirt an Diúic,[3] rud a chuir sé in iúl go poiblí.

Ach bhí Gosbert pósta le baintreach a dhearthár, Gailana. Bhí Gailana i gcoinne dlí na heaglaise agus d'ordaigh Cilian do Gosbert scaradh uaithi. Ach mar gheall ar seo, shocraigh Gailana Cilian agus a chomhoibrithe Colmán (nó Colonan nó Kolonat) agus Totnán a chur chun báis. Baineadh an ceann de na fir (b'fhéidir)[4], timpeall 689[5].

Cilian, Colmán agus Totnán

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá deabhóid mhór do Naomh Cilian go fóill in Würzburg, áit ina bhfuil a chorp adhlactha, agus ar fud cheantar na Baváire chomh maith.

Déantar comóradh ar Naomh Cilian, Colmán agus Totnán ar 8 Iúil agus tugtar onóir dóibh mar aspail na Francóine.

Taisí naoimh in Würzburg inniu

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Revue Celtique 23 (1870). "PLUSIEURS SAVANTS DES ILES BRITANNIQUES ET DU CONTINENT" ("l'orthographe Chillenus est la plus ancienne; les notations CiUiamis et Killianits sont plus récentes"). Paris. 
  2. "St. Kilian" . Catholic Encyclopedia Volume 8. 
  3. 3.0 3.1 "Naomh Cillian, easpag agus mairtíreach: Iúil 8 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-10. Dáta rochtana: 2020-07-08.
  4. "Saint Kilian | Irish missionary" (en). Encyclopedia Britannica -. Dáta rochtana: 2020-07-08 ach níl foinsí ann agus níl muid cinnte gur bhaineadh an cloigeann de na fir.
  5. 688 ar http://www.cumannnasagart.ie/ Curtha i gcartlann 2012-08-30 ar an Wayback Machine