Nanjing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNanjing
南京 (zh) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómóspríomhchathair agus Deisceart Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 32°03′39″N 118°46′44″E / 32.0608°N 118.7789°E / 32.0608; 118.7789
Stát ceannasachDaon-Phoblacht na Síne
Province of China (en) AistrighJiangsu Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Eastern Wu (en) Aistrigh (229–280)
Eastern Jin dynasty (en) Aistrigh (317–420)
Liu Song dynasty (en) Aistrigh (420–479)
Southern Qi (en) Aistrigh (479–502)
Liang dynasty (en) Aistrigh (502–552)
Liang dynasty (en) Aistrigh (555–557)
Chen dynasty (en) Aistrigh (557–589)
Wu (en) Aistrigh (936–936)
Southern Tang (en) Aistrigh (937–961)
Southern Tang (en) Aistrigh (961–975)
Southern Song dynasty (en) Aistrigh (1129–1138)
ríshliocht Ming (1368–1421)
ríshliocht Ming (1425–1441)
Southern Ming dynasty (en) Aistrigh (1644–1645)
Taiping Heavenly Kingdom (en) Aistrigh (1853–1864)
Jiangsu Province (en) Aistrigh (1912–1929)
Poblacht na Síne (1912–1949) (1912–1912)
Poblacht na Síne (1912–1949) (1927–1949)
Wang Jingwei regime (en) Aistrigh (1940–1945)
Jiangsu (1953–) Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCeantar Xuanwu Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán9,314,685 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,414.1 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla6,587.02 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Iaing-tsí Cuir in eagar ar Wikidata
Airde15 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síNanking (en) Aistrigh agus Nanjing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú495 "RCh"
Eachtra thábhachtach
Nanjing Massacre (en) Aistrigh (Nollaig 1937)
1931 China floods (en) Aistrigh (1931) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist210000–213000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód025 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinnanjing.gov.cn Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair mhór i lár oirthear na Síne is ea Nanjing (Sínis: Nánjīng, 南京). "Príomhchathair an deiscirt" an chiall atá leis an ainm, i gcontrárthacht le Béising (Sínis: Beijīng, 北京), a chiallaíonn "príomhchathair an tuaiscirt". Tá sí suite giota thuas deilt an Yangzi, an abhainn is mó sa tSín. Tá áit sách thábhachtach ag an gcathair i stair na Síne. Bhí Nanjing ina príomhchathair ar an tír ar feadh tamaill sa chéad leath den 20ú haois. Tá Nanjing ina príomhchathair ar chúige Jiangsu faoi láthair. Tá stádas fochúige ag an gcathair (ní hionann le roinnt cathracha móra eile sa tír atá neamhspleách ar chúige ar bith.) Tá breis is 8 milliún duine ina gcónaí i maoracht Nanjing.

Stair na Cathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Nanjing ar na cathracha is sine i ndeisceart na Síne. De réir traidisiúin, bhunaigh Fu Chai, tiarna ar an tír Wu, baile darbh ainm Yecheng san áit sa bhliain 495 r.Ch. Tógadh agus scriosadh roinnt bailte agus cathracha ann ina dhiaidh sin. Le linn na tréimhse Thuaidh-Theas (220-589) rinneadh príomhchathair an Deiscirt de Nanjing. Scriosadh an chathair nuair a d’athaontaigh an ríshliocht Sui an tír. Atógadh í faoin ríshliocht Tang agus í ina príomhchathair arís (937). Le himeacht ama, d’éirigh sí ina lárionad tábhachtach do dhéantús na dteicstílí.

Baineadh úsáid as an ainm Nanjing den chéad uair sa bhliain 1368, nuair a bhunaigh an ríshliocht Ming a bpríomhchathair ann. Thóg 200,000 oibrithe na ballaí móra atá inniu ann. Is iad na ballaí cathrach is faide ar Domhan dá maireann. Meastar gurbh í an chathair ba mhó ar Domhan sna blianta 1358-1425. Fuarthas 487,000 duine i Nanjing sa bhliain 1400.[1] Ba sa chathair seo a bhí an t-aimiréal agus taiscéalaí clúiteach Zheng He lonnaithe. Sa bhliain 1421 d'aistrigh an tríú impire Ming an phríomhchathair go Béising.

Le linn an Chéad Chogadh Óipiam sa 19ú haois rinne saighdiúirí na Breataine Móire ionraic ar Nanjing. Cuireadh deireadh leis an gcogadh úd le Conradh Nanjing. Bhí Nanjing ina príomhchathair ag na reibiliúnaigh le linn an éirí amach Taiping sna 1860idí. Fuair breis agus 100,000 duine bás ann nuair a chuir fórsaí an impire faoi chois iad sa bhliain 1864.

Chuir an Kuomintang (KMT), an páirtí poblachtánach sa tír, a bpríomhchathair ar bun i Nanjing sa bhliain 1927. Deich mbliana ina dhiaidh sin, ar 13 Nollaig 1937, thóg na Seapánaigh seilbh ar an gcathair. Bhí na saighdiúirí Seapánacha faoi stiúradh an phrionsa Asaka. Chomh luath agus a rinne siad a mbealach isteach i Nanjing, thosaigh siad ar ár mór a dhéanamh ar mhuintir na cathrach agus ar na mílte saighdiúirí Síneacha a bhí mar phríosúnaigh acu. Tá líon na n-íobartach faoi chaibidil. 300,000 an meastachán atá glactha go hoifigiúil ag rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne faoi láthair. "Éigniú Nanjing" a thugtar ar ar tharla.

Bhí Nanjing ina príomhchathair náisiúnta arís faoin KMT sa bhliain 1946 agus ina dhiaidh sin go dtí go gairid roimh theacht Dhaon-Arm na Saoirse (arm na gcumannach) ar 23 Aibreán 1949.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Nanjing ar "na ceithre phríomhchathair" thraidisiúnta sa tSín, agus mar sin tarraingíodh éirim na tíre chuig an gcathair go minic. Bhí clú ar na filí i Nanjing faoi na ríshleachta Tang agus Song. Ina dhiaidh sin, faoi na ríshleachta Ming agus Qing, tionóladh na scrúduithe oifigiúla sa chuid sin den tír ann.

Tá roinnt amharclann agus compántas aisteoirí i Nanjing, cineálacha difriúla kunqu (an ceoldráma Síneach) san áireamh. Tá Gailearaí Ealaíne Jiangsu suite sa chathair. Tá Leabharlann Nanjing ar an tríú leabharlann is mó sa tSín agus breis is 7 milliún imleabhar ann.

Tá ceantar traidisiúnta siamsaíochta suite timpeall Abhainn Qinhuai. Leanann cuid traidisiún oíche ansin go dtí an lá inniu, idir mhargaidh agus sheoladh na habhann i mbáid bheaga.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lárionad mór tionscal d'iliomad cineálacha a bhí i Nanjing ar feadh na gcéadta blianta; bhí clú faoi leith ar dhéantús na dteicstílí agus ar bhualadh an airgid. Chomh maith le bheith ina príomhchathair, bhain buntáistí iompair le suíomh na cathrach in abhantrach an Yangzi. Nuair a tháinig Páirtí Cummanach na Síne i gcúmhacht, rinneadh tréaniarracht leis an tionscal trom a fhorbairt, mar atá, peitreaceimiceáin, leictreonaic, carranna, giniúint cúmhachta, iarann agus cruach. Tháinig rath ar gheilleagar Nanjing ón mbliain 1980 i leith agus na tionscail seo ina mbunchloch sa gheilleagar i gcónaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Na Cathracha Is Mó sa Stair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-08-18. Dáta rochtana: 2011-09-06.
Geata Zhonghua i seanbhalla na cathrach


Leathanradharc ar Nanjing