Nanafótónaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá sa nanafótónaic an staidéar a dhéantar ar an solas agus ar a idirghníomhú leis an ábhar ar an nanascála. Na feimiméin atá i gceist baineann siad leis na tonnfhaid is giorra. (I raon sofheicthe an speictrim leictreamaighnéadaigh tá an tonnfhad idir 40 agus 700nm.)

Is éard is aidhm don nanafótónaic na teorainneacha a bhaineann leis an díraonadh optach a shárú nó a sheachaint. De ghnáth ní féidir leis na gnáthuirlisí, leithéidí lionsaí, solas a dhíriú ar scála domhain (faoin tonnfhad) de bharr an díraonta theoranta. Ach is féidir solas a chrapadh ar nanascála ar bhealaí eile. Orthu sin tá plasmóin dromchla agus na crónna nanascála agus na bioranna nanascála a úsáidtear i miocroscópacht gar-réimse agus i miocroscópacht fhótachuidithe thollánach scannacháin.[1]

Tá baint ar leith ag an nanafótónaic leis na réimsí a leanas:

An mhicreascópacht optach scannacháin gar-réimse
An idirghníomhaíocht idir an solas agus struchtúir mhiotallacha (an phlasmónaic nó staidéar ar phlasmóin an dromchla).
Gaibhniú agus ionramháil an tsoláis le criostail fhótónacha
Comhtháthú na struchtúr fótónach ar shliseanna sileacain
Déanamh na gcomhábhar saorga le haghaidh áiseanna nua optacha

Baintear an fheidhm is mó as an nanafótónaic maidir leis an miocrocópacht an-ardtaifigh, le braiteoirí an-íogaire, le córais chomhtháite nasctha optaigh agus leis an bhfótavoltaic.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hewakuruppu, Y., et al., Plasmonic “ pump – probe ” method to study semi-transparent nanofluids, Applied Optics, 52(24):6041-6050

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

L. Novotny and B. Hecht. Principles of Nano-Optics. Cambridge (2006).