Naisc Iompair Luimnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ós rud é go bhfuil sí suite san áit ina a thagann an tSionna ar thaoide an fharraige, is príomhionad iompair í Luimneach, an ceathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú ceann is mó sa Phoblacht. Ní amháin gur ceann scríbe ar leith í ach tá sí suite chomh maith ar na bealaigh idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí, idir Corcaigh agus Gaillimh agus idir Port Láirge agus Iarthar na hÉireann.

Traein[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sé Stáisiún Cholbert ar Shráid Pharnell stáisiún traenach Luimnigh. Imíonn traenacha uaidh go dtí Baile Átha Cliath, Port Láirge agus Ros Láir, Aonach agus Ros Cré, Corcaigh agus Inis agus tá pleananna ann chun line na hInse a leathnú chuig Gaillimh agus Clár Clainne Mhuiris.

Busanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imíonn fad-sheirbhísi Bus Éireann ó Stáisiún Cholbert chomh mhaith go dtí Baile Átha Cliath, Ros Cré, Cill Chainnigh, Port Lairge, Corcaigh, Cill Airne, Inis, Gaillimh, Sligeach, Áth Luain agus bailte móra eile ne hÉireann. Tá seirbhísi áitiúla chuig bailte mar Sionna, Caisleán Uí gConaig, Brú na nDéise, Caisleán Nua Thiar agus Faing agus tá seirbhís cathrach ag freastail ar na bruachbhailte.

Is iad a leanas príomh-bhealaigh Bus Éireann i gcathair Luimnigh:

Léarscáil Iarnróid agus príomh-bhóithre Luimnigh
  • 301 Lár na Cathrach go dtí Bruach na Sionainne
  • 302 Lár na Cathrach go dtí Cathair Daibhín
  • 302A Ollscoil Luimni go dtí Cathair Daibhín
  • 303 Páirc Carrúin go dtí Baile Neachtain
  • 304 Lár na Cathrach go dtí Ráithín trí Ascall Uí Chonaill
  • 304A Lár na Cathrach go dtí Ráithín trí Páirceanna Glasa
  • 305 Páirc Lynwood go dtí Timpeallán Cuanach
  • 306 Páirc Craebhal go dtí Páirc Uí Mháille
  • 308 Lár na Cathrach go dtí Ollscoil Luimnigh trí Bhóthar Childers
  • 308A Lár na Cathrach go dtí Ollscoil Luimnigh trí Thobar na Pimgine
  • 309 Radharc na Giúise go dtí Páirc Mhuire
  • 312 Lár na Cathrach go dtí Baile Coimín

Tá serbhísí eile príobhádacha le fáil chomh maith ar nó anEurobus idir Lár na Cathrach agus Áth na Coite.

Bóithre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siad na príomh-bhóthair náisiúnta a ritheann ó Luimneach ná:

Siad na bóithre réigiúnaigh a ritheann ón gcathair ná:

Aerfoirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aerfort na Sionna suite 25km siar ó lár na cathrach i gContae an Chláir le seirbhísi tras-Atlantacha, chuig an mBreatain agus chuig Mór-Roinn na hEorpa. Tá 20 eitilti idir-náisiúnta ar fáil uaidh gach lá ó Ryanair chomh mhaith le seirbhísi Aer Lingus, Delta, Continental, Central Wings, Belavia agus aerlínte eile. Tá aerfort beag príobhádach ar imeall thiar-thuaidh na cathrach i gCuanach.

Radharc ar Chaisleán Rí Eoin, Droichead Thumhan agus Abhann na Sionainne

Calafoirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá calafort fós ann i lár na cathrach ach tá an chuid is mó dá thrácht aistrithe anois go Faing atá suite 30km siar ar Bhéal na Sionainne.

Canálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad an tSionna agus a canálacha an príomhcheangal idir Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus bailte móra Lár-Thír na hÉireann ón 18ú haois agus teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Thóg an Chomhlucht Canáil Mhóir na hÉireann canáil idir Bhaile Átha Cliath agus Cuan na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí agus leathnaíodh an córas tríd an Sionna, Loch Deirg agus Canáil an Abhainn Duibh síos go dtí Luimneach. Dúnadh an Canáil Mhór do last-iompar sa bhliain 1961 ach athosclaíodh córas Íochtar na Sionainne do thrácht saoire sa bhliain 2001. Faoi láthair na huaire, tá na bealaigh canálacha seo a leanas ó Luimneach:

Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí athoscailt Canáil Uladh idir Loch Éirne Uachtar agus Loch n-Eachadh agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin, Port an Dúnáin agus Muineachán a cheangailt le Luimneach.