Nairciseas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarNairciseas

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar miotaseolaíochta na Gréige Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
MiotaseolaíochtMiotaseolaíocht na Gréige Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
MáthairLiriope (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCephissus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is pearsa bainte le miotaseolaíocht na Gréige í Nairciseas.[1] B'ógánach álainn é a bhí a áilleacht chomh mór sin gur thit na mná óga go léir i ngrá leis nuair a chonaic siad é. Ach ní raibh suim ar bith aige iontu agus chuaigh sé tharstu go neamhchúiseach, is cuma cé mhéad a rinne siad iarracht a aird a tharraingt. Ní dheachaigh a gcríonna briste i bhfeidhm air, fiú amháin cás brónach na nimfí ab áille, Echo. Bhí sé istigh le Artaimís, bandia na gcoillte agus na n-ainmhithe fiáine, ach tháinig sí faoi mhíshásamh bandia níos cumhachtaí fós, Héire, a bhí ag iarraidh (mar ba ghnách) a fháil amach céard a bhí ar siúil ag Séas. Bhí drochamhras uirthi go raibh sé i ngrá le ceann de na nimfeach agus chuaigh sí chun féachaint orthu chun fháil amach cé acu. Caitheadh a hamhras ar Echo agus chuir Héire mallacht uirthi, ionas nach mbeadh sí in ann labhairt seachas an méid a dúradh léi a athrá. Dúirt Héire go mbeadh an focal deireanach aici i gcónaí, ach ní bheadh sé ina cumas tús a chur le comhrá. Céasadh ab é seo d'Echo, a bhí i ngrá le Nairciseas, cosúil leis na nimfeacha eile. D’fhéadfadh sí é a leanúint, ach níorbh fhéidir léi labhairt leis.

Lá amháin, áfach, ba chuma ar an scéal go raibh a seans tagtha. Bhí Nairciseas ag glaoch ar a chompánaigh, "An bhfuil aon duine anseo?" agus bhí Echo in ann a fhocal deireanach "anseo, anseo" a thabhairt ar ais dó mar fhreagair. Bhí sí fós i bhfolach taobh thiar na crainn agus scairt sé, "Tar!" - go díreach cad ba mhian léi a rá leis. D'fhreagair sí go lúcháireach, "Tar!" agus tháinig sí amach ó fholach agus a lámha sínte amach. Ach chas sé thart uathí le déistin. Ach dúirt sé "B'fhearr liom an bás féin ná mo chroí a tabhairt duit". Ní raibh Echo in ann rud ar bith a rá ach "...mo chroí a tabhairt duit" arís agus arís eile, ach bhí sé imithe. Chuir sí i bhfolach í i bpluais uaigneach le náire, agus níorbh fhéidir sólás a fháil riamh ina dhiadh sin. Deirtear go maireann sí fós féin in áiteanna mar sin, agus go meath sí nó go raibh sí imithe as radhairc ionas nach bhfuil fágtha aici anois ach a guth.

Mar sin lean Nairciseas ar a bhealach cruálach, ag déanamh bheag de ghrá. Ach faoi dheireadh chuir ceann de na nimfeach a ghoill sé mallacht air: "Go dtuga an té nach bhfuil grá ag daoine eile grá dó féin." Chuir an bhandia mhór Neimisis (rud a chiallaíonn fearg cheartaiseach) é seo i gcrích. Mar a chrom Nairciseas thar linn le haghaidh dí agus chonaic sé ann a mhachnamh féin, thit sé i ngrá leis féin. "Tá a fhios agam anois," a dúirt sé, "cad a d'fhulaing daoine eile mar gheall orm, óir is fada liom an grádhúlacht san uisce agus ní féidir liom é a bhaint amach nó é a fhágáil. Níl saoradh ar bith ann ach amháin bás." Agus mar sin a tharla sé. D'imigh sé as agus é ina chrom thar an linn, agus fuair sé bás faoi dheireadh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Edith Hamilton, Mythology: Timeless Tales of Gods and Heroes, Little, Brown and Company, 1942.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Nairciseas ar Téarma.ie". Dáta rochtana: 28 Deireadh Fómhair 2023.