Na Gaibhlte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachNa Gaibhlte
Íomhá
CineálSliabhraon Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°22′N 8°09′W / 52.37°N 8.15°W / 52.37; -8.15
Tréithe
Airde os cionn na farraige919 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCnoc Mór na nGaibhlte Cuir in eagar ar Wikidata  (918 m Cuir in eagar ar Wikidata)
Na Gaibhlte á radharc as an mótarbhealach M8.
Cnoc Mór na nGaibhlte

Sliabhraon i gContae Luimnigh agus i gContae Thiobraid Árann is ea na Gaibhlte (Galty Mountains i mBéarla).

Is dócha gur Sléibhte na gCoillte is bun den ainm na Gaibhlte i nGaeilge an lae inniu.

Tá an sliabhraon suite i Machaire Méith na Mumhan.

Tá an Gleann Eatharlaí go díreach lastuaidh díobh idir na Gaibhlte agus Sliabh na Muc. Laistiar de na Gaibhlte atá an Sliabh Riabhach agus Sléibhte Bhealach Abhra.

Na sléibhte sna Gaibhlte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo iad sin na sléibhte is airde sna Gaibhlte:

  • Cnoc Mór na nGaibhlte (nó Gaibhlte Mór, i mBéarla: GaltymoreGalteemore, 919 m),
  • Ladhar an Chapaill (i mBéarla: Lyracappul, 825 m),
  • Carraig na Binne (i mBéarla: Carrignabinnia, 822 m),
  • An Grianán (i mBéarla: Greenane, 802 m),
  • Cnoc Beag na nGaibhlte (nó Gaibhlte Beag, i mBéarla: GaltybegGalteebeg, 799 m),
  • Cnoc an Teampaill (i mBéarla: Temple Hill, 785 m),
  • An Grianán Thiar (i mBéarla: Greenane West, 786 m),
  • Sliabh Chois na Binne (i mBéarla: Slievecushnabinnia, 766 m).
  • Cnoc an Tairbh (i mBéarla: Knockaterriff, 692 m),
  • Cnoc an Tairbh Beag (i mBéarla: Knockaterriff Beg, 679 m),
  • Cois (na Binne) (i mBéarla: Cush, 639 m),
  • An Grianán Thoir (i mBéarla: Greenane East, 631 m),
  • Móin Bhreac (i mBéarla: Monabrack, 629 m).
  • Cnoicín na Tuinne (i mBéarla: Knockeenatoung, 601 m).

Lochanna Coire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt lochanna coire sna Gaibhlte:

  • Loch Mhúscraí (nó Loch Bhéal Dragain mar a dúradh fadó) in aice leis an nGrianán,
  • Loch Curra agus
  • Loch Bóithrín ar fhána an Chnoic Mhóir.